click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Fraincís 1
Eochair Fhocail Bunasach
| Question | Answer |
|---|---|
| le futur | Briathra a chuireann síos ar ghníomh a tharlóidh amach anseo, mar shampla: mettrai, serai, ira. |
| le présent | Briathra a chuireann síos ar ghníomh atá ag tarlú anois, m.sh. mis, vois, suis. |
| un nom | Rud, áit nó ainm duine, m.sh. crayon, eau, Paris, François. |
| un verbe | Focal a chuireann gníomh in iúl, m.sh. promener, aller, chanter. |
| une question | Frása a úsáidtear chun eolas a lorg. |
| un tableau | An clár ar a scríobhann an múinteoir ag barr an tseomra. |
| une conjonction | Focal a nascann dhá abairt nó frása le chéile, mar shampla: agus, ach, má (et, mais, si) |
| une consonne | Litreacha san aibítir nach gutaí iad, agus a mbíonn bac de chineál ar an teanga iontu. |
| la culture | Nósanna agus luachanna a bhíonn ag sochaí ar leith. |
| la date | An lá sa bhliain atá ann. De ghnáth tugaimid lá, mí agus bliain. |
| la forme négative | An t-athrú a chuirtear i bhfeidhm chun abairt dhearfach a dhéanamh diúltach, m.sh. ne (je ne vais pas). |
| un adverbe | Focal a chuireann síos ar bhriathar, mar shampla, go ciúin, go láidir (doucement, fort) |
| un mot | Fuaimeanna cainte nó grúpaí litreacha scríofa a bhfuil ciall áirithe leo |
| un dictionnaire | Leabhar ina liostaítear ciall na bhfocal in ord aibítreach. |
| le vocabulaire | Na focail a úsáidtear i dteanga ar leith. |
| un pronom | Focal a úsáidimid in ionad ainm duine, nó ruda – mé, tú, seo, (je, tu, ce/cela/cette) |
| la grammaire | Rialacha a bhaineann le struchtúr agus leagan amach na teanga. |
| une voyelle | Litreacha nach mbíonn bac ar bith ar an aer dul tríd an mbéal agus iad á rá. a, e, i, o agus u. |
| le genre | (i) firinscneach (ii) baininscneach |
| le pluriel | Níos mó ná rud amháin |
| le conditionnel | Briathra a chuireann síos ar ghníomh a d’fhéadfadh tarlú, dá mbeadh rud éigin eile ann, mar shampla: j’irais, tu serais, il mettrait. |
| le ponctuation | Comharthaí a chuidíonn linn ciall a bhaint as abairtí scríofa, m.sh. camóg, lánstad, comhartha ceiste. |
| une préposition | Focal a chuireann síos ar shuíomh ruda nó duine – ar, ag, faoi, as, (sur, à, sous, de/par) |
| un cas | Leagan infhillte, nó athraithe, d’ainmfhocal. Tá cúig thuiseal sa Ghaeilge – ainmneach, cuspóireach, tabharthach, ginideach, gairmeach (le nominatif, l’accusatif, le datif, le génetif, le vocatif). Ní athraíonn ainmfhocal sna tuisil sa Fhraincis. |
| le singulier | Rud amháin. |
| un nombre/ les nombres | Focail nó siombail a sheasann do mhéid ar leith. |