click below
click below
Normal Size Small Size show me how
An Geilleagar
Córais gheilleagracha, earnálacha
Téarma | Míniú |
---|---|
Geilleagar | An dóigh a ndéantar, a ndíoltar agus a n-úsáidtear earraí agus seirbhísí i dtír |
Achmainní geilleagracha | Na rudaí atá de dhíth chun earraí agus seirbhisí a chur ar fáil -- talamh, saothar, caipiteal, fiontraíocht |
Na cinntí atá le déanamh i gcóras geilleagrach | 1) Céard iad na hearraí agus seirbhísí atá le táirgiú (déanamh) 2) Cé a tháirgfidh iad 3) Cé a bhfaighidh iad |
Trí chóras geilleagracha | 1) Geilleagar lárphleanáilte 2) Geilleagar saormhargaidh 3) Geilleagar measctha |
Geilleagar lárphleanáilte | Geilleagar ina ndéanann an rialtas go leor de na cinntí, m/s an Chóiré Thuaidh |
Geilleagar saormhargaidh | Geilleagar ina ndéanann daoine aonaracha agus eagraíochtaí príobhaideacha an chuid is mó de na cinntí, m/s Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Geilleagar measctha | Meascán den dá cheann eile; déanann an rialtas cuid de na cinntí; déanann daoine agus eagraíochtaí cuid mhaith de na cinttí freisin, m/s Éire |
Earnálacha sa gheilleagar | I ngeilleagar na hÉireann, tá trí earnáil ann: 1) An earnáil phoiblí 2) An earnáil phríobhaideach 3) An tríú earnáil |
Trí chuid den earnáil phoiblí | 1) Rialtas áitiúil, m/s Comhairle Chontae Dhún na nGall 2) Rialtas náisiúnta, m/s An Roinn Sláinte, An Roinn Oideachas agus Scileanna 3) Eagraíochtaí faoi úineireacht an Stáit |
Tá dhá chineál eagraíochtaí faoi úinéireacht an Stáít ann | 1) Eagraíochtaí tráchtála, m/s Bus Éireann, An Post ,Electric Ireland 2) Eagraíochtaí neamhthráchtála, m/s HSE, An Bord Bia, IDA-Ireland |
Eagraíocht thráchtáil | Eagraíocht a ghearrann táille ar an earra/seirbhís a chuireann sí ar fáil |
Eagraíocht neamhthráchtail | Eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil saor in aisce chun an tír a fhorbairt |