click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Ganntanas agus Rogha
Eacnamaíocht, acmhainní, cúinsí táigíochta
| Téarma | Míniú |
|---|---|
| Eacnamaíocht | Staidéar ar an dóigh a ndéantar cinntí nuair atá acmhainní gann |
| Riachtanais | Rudaí nach féidir linn maireachteáil gan iad |
| Mianta | Rudaí ba linn a bheith againn |
| Costas Airgeadais | Praghas |
| Deischostas | Tá rogha le déanamh agat idir geansaí agus trainers mar níl go leor airgid agat. Piocann tú an geansaí agus 'siad na trainers an deischostas. |
| Cinneadh Ciallmhar | Piocann muid an rud a thugann an tairbhe is mó dúinn agus muid ag déanamh rogha |
| Acmhainní Ganna (Teoranta) | Níl go leor acmhainní againn chun achan rud a dhéanamh |
| Cúinsí Táirgíochta | Acmhainní eacnamaíochta (geilleagracha) atá de dhíth chun earraí agus seirbhísí a chur ar fáil |
| Ceithre Chúinse Thaígíochta | 1) Talamh 2) Saothar 3) Caipiteal 4) Fiontraíocht |
| Talamh | Rud ar bith ón nádúr a úsáidtear chun earraí agus seirbhísí a chur ar fáil, m/s ola, cuibhrinn |
| Saothar | Na daoine a chuireann earraí nó seirbhísí ar fáil, m/s múinteoirí, oibrithe monarchan, siúinéirí, iascairí |
| Caipiteal | Earraí fisiciúla déanta ag daoine a úsáidtear chun earraí agus seirbhísí a chur ar fáil, m/s foirgnimh, ríomhairí, meaisíní |
| Fiontraíocht | Nuair a chuirtear an triúr eile - Talamh, Saothar, Caipiteal - le chéile chun earraí nó seirbhísí a chur ar fáil. |
| Cíos | An luach saothair a fhaigheann duine a chuireann talamh ar fáil |
| Pá | An luach saothair a fhaigheann daoine a chuireann saothar ar fáil |
| Ús | An luach saothair a fhaigheann daoine a chuireann caipiteal ar fáil |
| Brabús | An luach saothair a fhaigheann daoine a chuireann fiontraíocht ar fáil |
| Acmhainní Geilleagracha | 1) Luach iontu 2) Is feidr iad a úsáid ar bhealaí eágsúla 3) Gann/teoranta |