click below
click below
Normal Size Small Size show me how
CLANN LIR
GAEILGE
| Question | Answer |
|---|---|
| Cé hé rí na dTuatha Dé Danann sa scéal? | Badhbh Dearg |
| Cén t-ainm a bhí ar chéad bhean chéile Lear? | Aoibh |
| Cé mhéad páiste a bhí ag Lear agus Aoibh? | Ceathrar |
| Ainmnigh an t-aon iníon amháin a bhí acu. | Fionnuala |
| Cén fáth a raibh Aoife in éad? | Bhí sí in éad leis an ngrá a bhí ag Lear dá pháistí |
| Cén loch ina ndearnadh ealaí de na páistí? | Loch Dairbhreach |
| Cén uirlis draíochta a d’úsáid Aoife? | Slaitín draíochta |
| Cad a rinne sí de na páistí? | Ceithre healaí geala bána |
| Cén cumas neamhghnách a d’fhág sí acu? | Caint dhaonna agus ceol sárbhinn |
| Cén fhad a mhair an geis? | 900 bliain |
| Cad a rinne an tiománaí nuair a d’iarr Aoife air na páistí a mharú? | Níor mharaigh sé iad |
| Cé a d’inis an fhírinne do Lear ag Loch Dairbhreach? | Fionnuala |
| Cad a rinne Badhbh Dearg d’Aoife? | Rinne sé deamhan aeir di. |
| Cá ndeachaigh na healaí tar éis Loch Dairbhreach? | Sruth na Maoile |
| Cén tréith a bhí ag Sruth na Maoile? | Bhí sé an-fhuar, garbh agus bhí a lán stoirmeacha ann |
| Cá háit a chaith siad na 300 bliain deiridh den tréimhse? | Iorras Domhnann |
| Cén áit a raibh Lear ina chónaí? | Sí Fionnachaidh |
| Cén fáth a raibh na páistí croíbhriste nuair a d’fhill siad abhaile? | Bhí gach duine agus gach rud athraithe / marbh seachas iad féin |
| Cé a tháinig go hInis Gluaire? | Naomh Mochaomhóg |
| Cén creideamh a bhí ag Mochaomhóg? | An Chríostaíocht |
| Cén fáth ar chuir Mochaomhóg slabhraí airgid orthu? | Chun iad a choinneáil slán sábháilte agus le chéile |
| Cén t-ainm a bhí ar an mbanríon a theastaigh na healaí uaithi? | Deoch |
| Cad a tharla do na cleití nuair a bhí siad ag imeacht ón mhainistir? | Thit na cleití ar fad díobh |
| Cén aois a bhí na páistí nuair a thosaigh an eachtra? | Bhí siad fós óg |
| Cén uimhir a luaitear mar uimhir dhraíochta? | Trí |
| Luaigh sampla amháin den áibhéil. | 900 bliain mar ealaí, Deamhain aeir, |
| Cén mothúchán a spreag gníomhartha Aoife? | Éad |
| Cén téama a luaitear mar ‘díoltas agus feall’? | Díoltas agus feall Aoife i leith Chlann Lir |
| Cén fáth a bhfuil uaim agus athrá le fáil i scéalta béaloidis? | Chun cabhrú leis na scéalaithe cuimhneamh ar an scéal |
| Cén t-ainm a bhí ar an duine a bhailigh an scéal béaloidis? | Séamus Ó Searcaigh |