click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Tábhacht an cheoil
| Question | Answer |
|---|---|
| Music is extremely important in the life of a young person | Tá ceol fíorthábhachtach i saol an duine óig |
| Young people gain confidence when they play music | Fásann féinmhuinín sa duine óg nuair a sheineann siad ceol |
| It is an escape from the pressure of school and exams | Is bealach éalaithe é ó bhrú na scoile agus na scrúduithe |
| Young people develop social skills when they attend music classes | Forbraíonn daoine óga scileanna sóisialta nuair a fhreastalaíonn siad ar ranganna ceoil |
| They meet new people and get a chance to build relationships | Buaileann siad le daoine nua agus faigheann siad deis caidreamh a dhéanamh |
| It gives young people a chance to make new friendships | Tugann sé seans do dhaoine óga cairdeas nua a dhéanamh |
| Music reduces stress and anxiety | Laghdaíonn ceol strus agus imní |
| A person has to be patient to master an instrument | Ní mór do dhuine bheith foighneach chun barr feabhais a bhaint amach le huirlis ceoil |
| Music plays an important role in personal development | Bíonn ról tábhachtach ag ceol i bhforbairt phearsanta |
| Every country in the world has its own traditional music | Tá a ceol traidisiúnta féin ag gach tír ar domhan |
| Music gives us an opportunity to demonstrate aspects of our own unique culture | Tugann an ceol deis dúinn gnéithe dár gcultúr féin a léiriú |
| We learn about different cultures when we listen to their music | Foghlaimímid faoi chultúir éagsúla nuair a éistimid lena gcuid ceoil |
| Music has a huge role in every big celebration in life | Bíonn ról fíorthábhachtach ag an gceol i ngach céiliúradh mór sa tsaol |
| Music is played at weddings and at funerals | Seinntear ceol ag bainisí agus ag sochraidí |
| Music gives us an opportunity to express our emotions | Tugann ceol deis dúinn ár mothúcháin a chur in iúl |