click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Briathra Gnímh 3
Na Briathra Gnímh 3
| Term | Definition |
|---|---|
| Sainmhínigh/Tabhair sainmhiniú ar... | Tabhair miniú beacht ar fhocal, ar fhrása, nó ar choincheap. |
| Scrúdaigh/ Déan scrúdú ar.. | Meas argóint, coincheap nó mír, ar bhealacha a nochtann tuairimí, idirghaol nó struchtúr na hargóna (nó an choincheapa nó na míre) |
| Sintéisigh/ Tarraing le chéíle | Tabhair smaointe difriúla le chéile chun tuiscint nua a chruthú |
| Tabhair breac-chuntas ar.. | Tabhair na príomhphointí - na nithe ríthábhachtacha amháin. |
| Tabhair breithmheas ar... | Déan measúnú, breith nó meas ar shaothar. |
| Tabhair fianaise faoi.. | Tabhair sonraí, obair agus cáipéisíocht, a thacaíonn le tátal nó le conclúid. |
| Tabhair le fios | Mol réiteach, hipitéis nó freagra feideartha. |
| Taispeáin | (i) Cruthaigh rud nó déan soiléir é, trí réasúnaíocht nó le fianaise; (ii) léirigh rud le samplaí nó le cur i bhfeidhm praiticiúil. |
| Tobchumadh/ Déan tobcumadóirecht / Cum lom láithreach | Cruthaigh ceol agus seinn é gan réamhsmaoineamh nó gan ullmhú roimh ré; léirigh rud, le/as cibé rud atá ar fáil. |
| Trácht/Déan trácht ar.. | Tabhair tuairim bunaithe ar ráiteas a tugadh nó a thoradh ríofa. |
| Tras-scríobh | (i)Cuir smaointe, urlabhra nó sonraí i bhfoirm scríofa nó clóscríofa; (ii) Scríobh an méid a chloistear i bhfoirm litreacha nó abairtí. |
| Úsáid/Bain úsáid as.. | Cuir eolas scileanna nó rialacha i bhfeidhm. |