click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Briathra Gnímh 2
Na Briathra Gnímh 2
| Term | Definition |
|---|---|
| Déan taighde ar... | Déan iniúchadh casta agus criticúil, chun sainfhiosrú a dhéanamh. |
| Dear | Ceap rud éigin, cruthaigh é agus cuir i gníomh é, bunaithe ar phlean. |
| Deimhnigh | Tabhair fianaise chun tacú le fírinne ráitis. |
| Eagraigh | Socraigh rud; cuir i gcóras nó rianaigh é. |
| Fiosraigh | Breathnaigh ar eolas nó déan staidéar air, chun firicí a chinntiú. |
| Forbair | Éabhlóidigh: déan rud soiléir nó leathnaigh amach é, ó thaobh sonraí de. |
| Iniúch/Déan iniúchadh ar... | Déan breathnú, staidéar, nó mionscrúdú córasach, chun firicí a chinntiú agus teacht ar chonclúid úra. |
| Léirigh (cuir in iúl) | Léirigh rud nó luaigh é; tarraing aird ar rud. |
| Léirigh (léirigh le samplaí) | Úsáid samplaí chun cur síos ar rud éigin. |
| Léirmhínigh/ Tabhair léirmhíniú ar.. | Úsáid eolas agus tuiscint chun treochtaí a aithnt agus chun teacht ar chonclúidí ó fhaisnéis a thugtar. |
| Léirthuiscint a bheith ag... do... | Aithin brí, bíodh tuiscint phraiticiúil agat do rud. |
| Liostaigh | Tabhair roinnt pointí, gan aon mhíniú breise. |
| Machnaigh/Déan machnamh ar... | Meas rud chun ceartúchán nó feabhsúchán a dhéanamh. |
| Meas (cuimhnigh ar..) | (i) Déan cur síos ar phatrúin i sonraí; (ii) úsáid eolas agus tuiscint chun patrúin a léirmhíniú; (iii) déan tuartha agus seiceáil iontaofacht. |
| Measúnaigh (breithiúnas eiticiúil)/ Déan measúnú ar... | (i) Bailigh agus scrúdaigh fianaise chun breithiúnas agus breithmheas a dhéanamh; (ii) déan cur síos ar an gcaoi a dtacaíonn nó nach dtacaíonn fianaise le breithiúnas. |
| Measúnaigh (breithiúnas eiticiúil)/ Déan measúnú ar... | (iii) sainaithin srianta fianaise i gconclúidí; (iv) déan breithiúnas ar smaointe, ar réitigh nó ar mhodhanna. |
| Measúnaigh (faisnéis)/ Déan measúnú ar... | (i) Bailigh agus scrúdaigh fianaise chun breithiúnas agus breithmheas a dhéanamh; (ii) déan cur síos ar an gcaoi a dtacaíonn nó nach dtacaíonn fianaise le conclúid i bhfiosrúchán nó in iniúchadh; |
| Measúnaigh (faisnéis)/ Déan measúnú ar... | (iii) sainaithin srianta fianaise i gconclúidí; (iv) déan breithiúnas ar smaointe, ar réitigh nó ar mhodhanna. |
| Mínigh | Tabhair mionchuntas agus fáthanna. |
| Mol | Tairg rud nó mol é lena bhreathnú, lena ghlacadh nó le haghaidh an gnímh. |
| Oiriúnaigh/Cuir in Oiriúint | Déan rud éigin oiriúnach do chúinse, d'úsáid nó do chuspóir nua. |
| Pléigh/ Déan plé ar.. | Tabhair athbhreithniú cothrom, ina bhfuil réimse argóintí, tosca nó hipitéisí: cuir tuairimí nó conclúidí i láthair go soiléir agus tacaigh leo le fianaise chuí. |
| Rangaigh/Déan rangú ar.. | Cuir rudaí i ngrúpaí bunaithe ar thréithe comónta. |
| Sainaithin | (i) aithin patrúin, firicí nó sonraí; (ii) tabhair freagra ó roinnt féidearthachtaí (iii) aithin fíric (fíoras) nó gné shainiúil agus luaigh go hachomair í. |