click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Briathra Gnímh 1
Na briathra gnímh 1
| Term | Definition |
|---|---|
| Aimsigh | Roimh, tomhais, faigh amach agus araile. |
| Aithin | Sainaithin na rudaí seo: (i) firicí, (ii) saintréithe nó (iii) coincheapa atá riachtanach (ábhartha/oiriúnach) chun cás imeacht, próiseas nó feinméan a thuiscint. |
| Anailísigh/ Déan anailís ar.. | (i) Déan staidéar nó scrúdú ar rud go mion, (ii) déan miondealú ar rud, chun na bunghnéithe nó an bunstruchtúr a nochtadh; (iii) sainaithin codanna agus coibhneasa, agus (iv) léirmhínigh fianaise chun teacht ar chonclúidí. |
| Argóin/ Déan argóint faoi../ Déan cás ar son../ Áitigh | Ceistigh smaoineamh agus déan díospóireacht ina leith chun meon nó seasamh duine a athrú. |
| Athbhreithnigh/ Déan athbhreithniú ar.. | (i) Déan athscrúdú go cúramach nó go criticiúil, chun tacú le tuairim nó chun easaontú leis; (ii) déan anailís ar thorthaí chun tuairim a thabhairt. |
| Bain tátal as../Bain tuiscint as../Bain as.. | Déan triail agus tástáil chun rud éigin nua a fháil amach nó chun rud éigin a chruthú. |
| Beachtaigh | Cuir feabhas ar rud (scéal, aiste, scannán, ceol) trí idirdhealuithe miona a chuir isteach. |
| Ceap | Cuir na coincheapa nó na hargóintí cuí in iúl go beacht (go cruinn) agus go córasach (in ord a bhfuil ciall leis) |
| Cleacht | Déan dráma, píosa ceol nó saothar eile go rialta chun é a dhéanamh réidh le cur os comhair an phobail. |
| Cosain | Tabhair cúiseanna nó fianaise chun tacú le freagra nó le conclúid. |
| Cruthaigh | Déan rud éigin as an nua. |
| Cuir i bhfeidhm | Roghnaigh agus báin úsáid as (i) faisnéis agus/nó (ii) eolas agus (iii) tuiscint chun cás tugtha a mhiniú nó chun fíorchúinsí a mhiniú |
| Cuir i láthair | Taipeáin (nó tairg nó tabhair) rud ar bhealach foirmiúil; taispeáin rud roimh fhóram poiblí. |
| Cuir i ngrúpa | Sainaithin rudaí nó réada de réir saintréithe. |
| Cuir síos ar.../Déan cuir síos ar... | (i) Forbair pictúir nó íomhá, le mionsonraí, ar struchtúr nó ar phróiseas, mar shampla, ag úsaid focal nó léaráidí mar is cuí; (ii) Táirg plean, ionsamhlú nó samhail. |
| Cum | Scríobh nó cruthaigh saothar ealaíne, go háirithe píosa ceoil nó píosa filíochta. |
| Déan | Tabhair faoi ghníomhaíocht. |
| Déan ceangal idir.. | Déan nasc; tabhair rudaí le chéile chun nasc a dhéanamh eatarthu. |
| Déan comparáid idir... | Tabhair cuntas ar na cosúlachtaí agus nó/ ar na difríochtaí idir 2 (nó níos mó) rud nó cás. Is gá tagairt do gach ceann síos tríd. |
| Déan critíc (leairmheas) ar... | Luaigh gnéithe dearfacha agus diúltacha de rud - smaoinamh, déantúsán nó próiseas ealaíonta mar shampla, agus tabhair cúiseanna. |