click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Intleacht Shaorga
2024 Léamhthuiscint
| Question | Answer |
|---|---|
| The emergence of artificial intelligence is one of the major stories of our time | Tá teacht chun cinn na hintleachta saorga ar cheann de mhórscéalta na linne seo. |
| The publisher Collins Dictionaries chose the term ‘artificial intelligence’ as the word of the year in 2023 | Roghnaigh an foilsitheoir foclóirí Collins an téarma ‘intleacht shaorga’ mar théarma na bliana in 2023. |
| Artificial intelligence is already having an impact on our daily lives | Tá lorg na hintleachta saorga ar ár saol laethúil cheana féin. |
| People use artificial intelligence every day when they check their social media accounts or talk to Alexa | Bíonn an intleacht shaorga in úsáid ag daoine gach lá nuair a sheiceálann siad a gcuntais meán sóisialta nó nuair a labhraíonn siad le Alexa. |
| When the American company OpenAI launched the artificial intelligence chatbot ChatGPT in November 2022, it was popular from the start | Nuair a lainseáil an comhlacht Meiriceánach OpenAI an bota comhrá intleachta saorga ChatGPT i mí na Samhna 2022, bhí an-tóir air ón tús. |
| ChatGPT is the fastest-growing consumer application ever | Is é ChatGPT an feidhmchlár tomhaltóra is mó fás riamh. |
| With the development of cloud computing, artificial intelligence has rapidly accelerated as a key feature of the information technology world | Le forbairt na néalríomhaireachta, tá dlús tapa faoin intleacht shaorga mar phríomhghné de shaol na teicneolaíochta faisnéise. |
| Companies can use artificial intelligence effectively to improve existing products, develop new goods, increase sales, and enhance customer service | Is féidir le cuideachtaí úsáid éifeachtach a bhaint as an intleacht shaorga chun táirgí atá ann cheana féin a fheabhsú, earraí nua a fhorbairt, cur le díolacháin agus seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú. |
| Artificial intelligence will benefit people through improved healthcare | Rachaidh an intleacht shaorga chun tairbhe na ndaoine trí chúram sláinte feabhsaithe. |
| Artificial intelligence can provide medical images with detailed patient information within minutes and identify diseases earlier | Is féidir leis an intleacht shaorga íomhánna leighis le mioneolas ar an othar a sholáthar laistigh de chúpla nóiméad agus galair a aithint níos luaithe. |
| Great progress has been made in the development of new drugs and vaccines to cure diseases | Tá dul chun cinn mór déanta i bhforbairt drugaí agus vacsaíní nua chun galair a leigheas. |
| There are many challenges associated with artificial intelligence | Tá go leor dúshlán ag baint leis an intleacht shaorga. |
| Misinformation and harmful content are spread | Scaiptear bréageolas agus ábhar díobhálach. |
| If a person relies too much on artificial intelligence tools, it could hinder their thinking ability | Má bhíonn duine ag brath an iomad ar áiseanna intleachta saorga, d’fhéadfadh sé go gcuirfeadh siad bac ar chumas smaointeoireachta an duine. |
| It is essential that the governments of the world work together to ensure that artificial intelligence is developed in a responsible and safe way | Tá sé fíorthábhachtach go n-oibreoidh rialtais an domhain le chéile chun go bhforbrófar an intleacht shaorga ar bhealach atá freagrach agus sábháilte. |