click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Fadhbanna sóisialta
Nathanna ginearálta don scrúdú béil
| Question | Answer |
|---|---|
| I think that our worst challenges of the moment are the problem of drink and drugs | Ceapaim gurb iad na dúshláin is measa atá againn sa tír seo faoi láthair ná fadhb na ndrugaí agus an fadhb an óil. |
| Teenagers turn to drugs because of the pressure they are under. | Casann déagóirí ar dhrugaí mar gheall ar an mbrú atá orthu. |
| Modern life puts tremendous pressure on young people and they turn to alcohol to find an escape. | Cuireann an saol nua-aimseartha brú millteanach ar dhaoine óga agus téann siad i muinín an óil chun slí éalaithe a fháil. |
| When the pubs close at the weekend, that's when the fights start between people who are out of their minds because of the drink. | Nuair a dhúntar na tithe tábhairne ag an deireadh seachtaine, is ansin a thosaíonn na troideanna idir daoine atá as a meabhair de bharr an óil. |
| There are not enough facilities available for young people and groups of youths hang around looking for trouble. | Níl go leor áiseanna ar fáil do dhaoine óga agus bíonn grúpaí ógánach ag crochadh timpeall ag lorg trioblóide. |
| Young people turn to violence and vandalism because they have nothing else to do. | Casann daoine óga ar fhoréigean agus ar chreachadóireacht mar níl aon rud eile le déanamh acu. |
| This country is plagued by poverty and homelessness. | Tá an tír seo cráite ag an mbochtaineacht agus ag an easpa dídine. |
| The gap between rich and poor is widening in this country every day. | Tá an deighilt idir saibhir agus daibhir ag leathnú sa tír seo gach aon lá. |
| The number of poor people and the amount of homeless people has increased. | Tá méadú tagtha ar líon na ndaoine bochta agus ar an méid daoine gan dídean. |
| It upsets me when I see the headlines about the number of children who are without proper housing. | Goilleann sé orm nuair a fheicim na ceannlínte faoi líon na bpáistí atá gan tithíocht cheart. |
| It is a pity that many people in this country are living from hand to mouth. | Is trua é go bhfuil go leor daoine sa tír seo atá ag maireachtáil ó lámh go béal. |
| I think the problem of violence is getting worse every day. | Is dóigh liom go bhfuil fadhb an fhoréigin ag dul in olcas in aghaidh an lae. |
| The problem of violence arises from the problem of drinking, as fighting and lawlessness are brothers to drinking. | Eascraíonn fadhb an fhoréigin ó fhadhb an óil, mar is deartháireacha don ól iad troid agus aindlí. |
| I blame the government because they do not provide enough facilities for young people. | Cuirim an milleán ar an rialtas mar ní chuireann siad go leor áiseanna ar fáil do dhaoine óga. |
| The politicians allowed this problem to go out of control, and now they have no idea how to deal with it. | Lig na polaiteoirí don fhadhb imeacht ó smacht, agus anois níl tuairim acu conas déileáil léi. |
| There is a great demand for houses in this country, and a plan is needed to build more houses. | Tá éileamh mór ar tithe sa tír seo, agus tá plean ag teastáil chun níos mó tithe a thógáil. |
| Investment is probably needed to solve the problems. | Is dócha go bhfuil infheistíocht ag teastáil chun na fadhbanna a réiteach. |
| More police should be put on the streets. | Ba chóir níos mó gardaí a chur ar na sráideanna. |
| Better facilities should be provided for the people of this country. | Ba cheart áiseanna níos fearr a chur ar fáil do mhuintir na tíre seo. |
| We don't need talk, but action. | Ní caint atá uainn, ach gníomh. |