click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Timpeallacht dreimir
Dreimire 2025
| Question | Answer |
|---|---|
| If we continue burning fossil fuels at today's levels, our civilization will collapse in an apocalyptic manner. | Má leanaimid orainn ag dó breoslaí iontaise ag leibhéal an lae inniu, titfidh ár sibhialtacht as a chéile ar bhealach apacailipteach. |
| The number of people denying the harm caused by climate change is decreasing as the evidence is visible around us. | Tá líon na ndaoine a shéanann an dochar a dhéanfaidh athruithe aeráide ag éirí níos lú mar tá an fhianaise le feicéail timpeall orainn. |
| Farmers are hit by excessively high temperatures and erratic weather. | Tá feirmeoirí buailte ag an teocht ró-ard agus ag aimsir ghuagach. |
| Industries and consumers today rely on burning carbon, oil, gas, and coal. | Braitheann tionsclaithe agus tomhaltóirí inniu ar dhó carbóin, ola, gáis agus guail. |
| The poorest countries in the world are suffering – as the saying goes: the man with shoes does not care where he steps. | Is iad na tíortha is boichte ar domhan atá ag fulaingt – mar a deir an seanfhocal: is cuma le fear na mbróg cá leagann sé a chos. |
| The floods that destroyed Valencia last November are getting more frequent and doing more damage than ever. | Tá na tuilte a rinne scrios ar Valencia i Mí na Samhna ag tarlú níos minice agus ag déanamh níos mó damáiste ná riamh. |
| In the year 2023 alone, 47,000 people died as a result of a rise in temperature (heat wave) on the European continent. | Sa bhliain 2023 amháin fuair 47,000 daoine bás de bharr ardú teasa (tonn teasa) ar Mhór-Roinn na hEorpa. |
| People can cut back on flights to other countries, cut back on buying too many goods, but these actions mean nothing unless the global political system is changed. | Is féidir le daoine gearradh siar ar eitiltí go tíortha eile, gearradh siar ar an iomarca earraí a cheannach, ach ní mheánn siad sin brobh mura n-athraítear an córas polaitiúil domhanda. |