click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Cultúr na hÉireann
Dréimire Caib 3 2025
| Question | Answer |
|---|---|
| Ireland is renowned for its vibrant culture. | Tá clú agus cáil ar Éirinn mar gheall ar an gcultúr bríomhar atá aici. |
| Irish music and dance are recognized worldwide. | Aithnítear ceol agus rince na hÉireann ar fud na cruinne. |
| The traditional sports of this country are flourishing. | Tá spóirt thraidisiúnta na tíre seo faoi bhláth. |
| Our literature, including prose, poetry, and drama, is among the most vibrant in the world. | Tá ár litríocht, idir phrós, fhilíocht agus drámaíocht, ar an litríocht is beomhaire ar domhan. |
| As a community, we have always respected our valuable culture and we are all richer because of it. | Mar phobal, bhí meas againn riamh ar an gcultúr luachmhar atá againn agus is saibhre muid ar fad dá thairbhe sin. |
| There is no doubt that traditional music is very strong in Ireland. | Níl aon dabht ach go bhfuil an ceol traidisiúnta an-láidir in Éirinn. |
| Both young and old play music. | Seinneann idir óg agus aosta ceol. |
| The wonderful thing about traditional music is that it is constantly being reshaped. | An rud iontach faoin gceol traidisiúnta ná go bhfuil sé á athmhúnlú de shíor. |
| Young people are putting their own modern twist on the music and that is why it is so appealing, so lively, and so vibrant. | Tá na daoine óga ag cur casadh nua-aimseartha dá gcuid féin ar an gceol agus is é sin an fáth a bhfuil sé chomh mealltach, chomh beo agus chomh bríomhar sin. |
| There are few places in the country where you won't hear traditional music. | Is beag áit sa tír a rachaidh tú nach gcloisfidh tú ceol traidisiúnta. |
| The same is true for traditional Irish sports – hurling and Gaelic football. | Tá an scéal amhlaidh i gcás spóirt thraidisiúnta na hÉireann – iománaíocht agus peil ghaelach. |
| Who would believe that the third largest stadium in Europe, Croke Park, is dedicated to Gaelic games. | Cé a chreidfeadh go bhfuil an tríú staid is mó san Eoraip, Páirc an Chrócaigh, tiomanta do na cluichí gaelacha. |
| Gaelic games are a central part of Irish culture and are part of our identity. | Is cuid lárnach iad na cluichí gaelacha de chultúr na hÉireann agus is cuid dár bhféiniúlacht iad. |
| They bring people together, provide entertainment, and are an important part of Irish life. | Tarraingíonn siad daoine le chéile, cuireann siad siamsaíocht ar fáil agus is cuid thábhachtach de shaol na hÉireann iad. |
| The Irish language itself is an important aspect of Irish culture. | Tá an Ghaeilge féin ina gné thábhachtach de chultúr na hÉireann. |
| There are one and a half million people in the country who can speak the language, according to the latest census. | Tá milliún go leith daoine sa tír atá in ann an teanga a labhairt, de réir an daonáirimh is déanaí. |
| The folklore and history of the community are intertwined in the language. | Tá seanchas agus stair an phobail fite fuaite sa teanga. |
| The Irish language has its own place on social media. | Tá a háit féin ag an nGaeilge ar na meáin shóisialta. |
| Irish-medium education is flourishing. | Tá an ghaelscolaíocht faoi bhláth. |
| Thousands of young people attend Irish courses in the Gaeltacht every year. | Déanann na mílte daoine óga freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht gach bliain. |
| We have had some of the best writers in the world, such as Joyce, Máirtín Ó Cadhain, William Butler Yeats, and Séamus Heaney, to name just a few. | Bhí cuid de na scríbhneoirí ab fhearr ar domhan againn, leithéidí Joyce, Máirtín Ó Cadhain, William Butler Yeats agus Séamus Heaney, gan ach cúpla duine a lua. |
| Our music, our dances, our literature, our games are alive and will be for a long time to come. | Tá ár gceol, ár ndamhsaí, ár litríocht, ár gcluichí beo beathach agus beidh go ceann i bhfad eile. |