click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Polaitíocht (Éire)
Dréimire Caib 4 2025
| Question | Answer |
|---|---|
| The issues that influenced voter behavior in the last general election in Ireland included housing, cost of living, healthcare, public spending, immigration, and climate change. | Ar na ceisteanna a raibh tionchar acu ar iompar lucht vótála san olltoghchán deireanach in Eirinn, bhí tithíocht, costas maireachtála, cúram sláinte, caiteachas poiblí, inimirce agus athrú aeráide. |
| However, there is one thing that connects all the above-mentioned issues – money! | Tá rud amháin a nascann le chéile na ceisteanna thuasluaite sin, áfach – airgead! |
| As the saying goes – ‘the end of every story is money!’. | Mar a deir an seanfhocal – ‘is é deireadh gach scéil an t-airgead!’. |
| The level of homelessness is higher than ever and rental and property prices are rising significantly. | Tá leibhéal an easpa dídine níos airde ná riamh agus tá praghsanna cíosa agus réadmhaoine ag ardú go mór. |
| Unlike many elections around the world last year, the government that was in power here in Ireland was re-elected, despite many people being unhappy with them. | Rud a bhí neamhchosúil le go leor olltoghchán ar fud an domhain anuraidh, toghadh an rialtas a bhí i gcumhacht anseo in Éirinn arís, cé go raibh go leor daoine míshásta leo. |
| In Great Britain, Labour won over the Conservatives who had been in power for many years. | Sa Bhreatain Mhór, bhí an bua ag an Lucht Oibre ar na Coimeádaigh a bhí i gcumhacht le blianta fada. |
| Although we have a new government in Ireland, there is little new about it. The two parties, Fianna Fáil and Fine Gael, which have been competing with each other since the Republic was established, are back in power together again. | Cé go bhfuil rialtas nua againn in Éirinn, áfach, is beag rud atá nua faoi. Tá an dá pháirtí, mar atá Fianna Fáil agus Fine Gael, a bhí in iomaíocht le chéile ó tháinig ann don Phoblacht, ar ais i gcumhacht le chéile arís. |
| If the old government is to create a new Ireland this time, they must share the wealth that is in the country. | Má tá an seanrialtas chun Éire nua a dhéanamh an uair seo, ní mór dóibh an saibhreas atá sa tír a roinnt. |
| Ireland is one of the richest countries in Europe, but there is still a lot of poverty in the country and long waiting lists in the healthcare system. | Tá Éire ar cheann de na tíortha is saibhre san Eoraip, ach tá go leor bochtaineachta sa tír fós agus liostaí fada feithimh faoin gcóras sláinte. |
| The housing crisis in this country is a disgrace | Is ábhar náire é an cruachás tithíochta atá againn sa tír seo |
| According to the latest statistics, more people than ever are sleeping on the streets of this country | De réir na staitisticí is déanaí, tá níos mó daoine ná riamh ina gcodladh ar shráideanna na tíre seo |
| Almost four thousand children in the country are homeless | Tá beagnach ceithre mhíle páiste sa tír gan díon as a gcionn |
| Tents are seen on every street corner, with foreigners, people suffering from drug problems, or those with mental health difficulties sleeping in them | Feictear na puball i ngach cúinne sráide, agus daoine ón iasacht, daoine atá ag fulaingt le fadhb na ndrugaí, nó daoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte ina gcodladh iontu |
| There are not enough social houses available | Níl go leor tithe sóisialta ar fáil |
| To make matters worse, the government didn’t tell the public they were behind on housing targets before the last general election | Mar bharr donais ar an scéal, níor inis an rialtas don phobail go raibh siad ar cúl maidir le spriocanna tithíochta roimh an olltoghchán deireanach |
| Working conditions for the Gardaí are terrible and now there is a recruitment crisis because young people have no interest in doing the job | Tá coinníollacha oibre go hainnis do na gardaí agus anois tá géarchéim earcaíochta ann mar níl suim dá laghad ag daoine óga an jab sin a dhéanamh |
| Everyone knows it has never been so dangerous on the streets of Irish cities | Tuigeann madraí an bhaile nach raibh sé riamh chomh dainséarach ar shráideanna chathracha na hÉireann |
| You only have to take a walk around Dublin to understand the scale of the problem | Níl le déanamh ach dul ar siúlóid timpeall Bhaile Átha Cliath chun leithne na faidhbe a thuiscint |
| It’s no surprise anymore to see people openly selling drugs on the streets | Ní haon ionadh anois é daoine a fheiceáil ag díol drugaí go hoscailte ar na sráideanna |
| There has been a frightening increase in random attacks on innocent people | Tá borradh scanrúil tagtha ar ionsaithe randamacha ar dhaoine neamhchiontacha |
| Groups of youths intimidate tourists visiting the city | Déanann grúpaí ógánach imeaglú turasóirí ar chuairteoirí chun na cathrach |
| Teenagers on electric scooters dart in and out of city shops boldly snatching items from the shelves | Téann déagóirí ar scútair leictreacha isteach agus amach as siopaí na cathrach ag sciobadh earraí go dána as na seilfeanna |
| These youths seem to have no fear whatsoever of the Gardaí | Is cosúil nach bhfuil aon eagla faoin spéir ag na hógánaigh seo roimh na gardaí |
| Gardaí are reluctant to use force for fear of being brought to court | Bíonn drogall ar na gardaí an lámh láidir a úsáid ar eagla go dtabharfaí chun cúirte iad |
| Right-wing politicians began blaming refugees for the country’s housing crisis | Thosaigh polaiteoirí ón eite dheis ag cur an mhilleáin ar na teifigh as cruachás tithíochta na tíre |
| As a result of this discourse, racism has increased | Mar thoradh ar an dioscúrsa seo, tá ardú tagtha ar chiníochas |
| The government has shown no leadership on this crisis | Níor léirigh an rialtas aon cheannaireacht maidir leis an gcruachás seo |
| We’ve all heard the horrific stories of malicious arson attacks that often happen at refugee accommodation centres | Tá na scéalta uafásacha cloiste againn go léir faoi dó mailíseach a tharlaíonn go minic ag ionad tearmainn do theifigh |
| If things continue like this, someone will soon die as a result of a racist attack. It makes me sick | Má leanann cúrsaí mar seo, is gearr go bhfaighidh duine éigin bás mar thoradh ar ionsaí ciníoch. Cuireann sé masmas orm |