click below
click below
Normal Size Small Size show me how
ATAL Drugaí
Drugaí, alcól, vápáil
| Question | Answer |
|---|---|
| It seems to me that the problem of drugs is getting worse every day | Feictear dom go bhfuil fadhb na ndrugaí ag dul in olcas in aghaidh an lae |
| One of the major problems of this country is alcohol abuse, especially among the young | Ceann d’fhadhbanna móra na tíre seo ná mí-úsáid an óil, go háirithe i measc na n-óg |
| According to the latest statistics, this country is one of the worst in the world for underage drinking | De réir na staitisticí is déanaí, tá an tír seo ar cheann de na tíortha is measa ar domhan ó thaobh ólacháin faoi aois |
| Binge drinking causes terrible damage to the heart and liver | Déanann ragús óil dochar uafásach don chroí agus don ae |
| There is no doubt that violence and lawlessness are brothers to drinking | Níl dabht ar bith ach gur deartháireacha don ól iad an foréigean agus an t-aindlí |
| As the saying goes, when the drink is in, the sense is out, and every weekend the hospitals are crowded with young people out of their minds because of drink | Mar a deir an seanfhocal, nuair a bhíonn an t-ól istigh, bíonn an chiall amuigh, agus gach deireadh seachtaine bíonn na hospidéil plódaithe le daoine óga agus iad as a meabhair de bharr an óil |
| There are dangers associated with the chemicals in e-cigarettes | Tá contúirtí ag baint leis na ceimiceáin atá sna galtóitíní |
| Damage can be done to the lungs and overall health when these chemicals are inhaled | Is féidir damáiste a dhéanamh do na scamhóga agus don tsláinte iomlán nuair a dhéantar na ceimiceáin seo a ionanálú |
| E-cigarettes are relatively new and the long-term effects on health are not yet fully understood | Is rudaí measartha nua iad galtoitíní agus ní thuigtear go hiomlán fós an éifeacht fadtéarmach a bhíonn acu ar an tsláinte |
| Many vaping companies target young people with attractive flavors and flashy marketing | Bíonn go leor comhlachtaí vápála ag díriú ar dhaoine óga le blasanna tarraingteacha agus le margaíocht mhórthaibhseach |
| Drug gangs are now rooted in every small town in this country, with drug dealers on every street corner trying to lure vulnerable people | Tá dronganna drugaí préamhaithe anois i ngach baile beag sa tír seo, agus mangairí drugaí ar gach cúinne sráide ag iarraidh daoine leochaileacha a mhealladh |
| There has certainly been a significant increase in the use of soft drugs, such as cocaine and cannabis, in Irish society | Is cinnte go bhfuil fás thar na bearta tagtha ar úsáideoirí na ndrugaí boga, cosúil le cócaon agus cannabas i sochaí na hÉireann |
| When an addict becomes accustomed to these drugs, there is a greater chance that they will turn to hard drugs, such as heroin | Nuair a éiríonn an t-andúileach cleachta leis na drugaí seo, tá seans níos mó go rachaidh sé i muinín na ndrugaí crua, ar nós hearóin |
| The sellers of these drugs have no fear of the law | Níl eagla dá laghad ar lucht díolta na ndrugaí seo roimh an dlí |
| Distributors are seen openly selling drugs on the streets of Dublin | Feictear dáileoirí ag díol drugaí go hoscailte ar shráideanna Bhaile Átha Cliath |
| Drug addicts turn to crime such as theft and armed robbery to get money for their next fix | Casann andúiligh drugaí ar an gcoiriúlacht cosúil le gadaíocht agus robáil armtha chun airgead a fháil dá chéad geábh eile |
| Drug barons are getting richer and have no hesitation in committing murder when fights break out between different gangs | Tá na barúin drugaí ag éirí níos saibhre ní bhíonn aon leisce orthu dúnmharú a dhéanamh nuair a bhriseann troid amach idir na dronganna éagsúla |
| Harsher penalties should be imposed on X | Ba chóir pionóis níos déine a chur ar X |
| More police should be put on the streets | Ba cheart níos mó gardaí a chur ar na sráideanna |
| Pressure should be put on big alcohol companies and vaping companies regarding advertising | Ba chóir brú a chur ar na gnólachtaí móra alcóil agus comhlachtaí vápála ó thaobh na fógraíochta |