click below
click below
Normal Size Small Size show me how
ATAL Córas Sláinte
Buanna agus lochtanna a bhaineann leis an gcóras sláinte
| Question | Answer |
|---|---|
| It is certain that there are advantages and disadvantages to the health system in Ireland. | Is cinnte go bhfuil buanna agus lochtanna ag baint leis an gcóras sláinte in Éirinn. |
| Firstly, let’s look at the advantages of the system. | Ar dtús, féachaimis ar na buntáistí a bhaineann leis an gcóras. |
| We have a high standard of doctors and nurses in this country. High points are required to study medicine. | Tá caighdeán ard dochtúirí agus altraí againn sa tír seo. Tá pointí arda ag teastáil chun dul le leigheas. |
| Doctors, nurses, and other health workers do their utmost to care for the patients under their care. | Déanann dochtúirí, altraí agus oibrithe sláinte eile nach iad a seacht ndícheall chun freastal ar na hothair atá faoina gcúram. |
| Health experts have made great progress in treating diseases like cancer. | Tá dul chun cinn iontach déanta ag saineolaithe sláinte chun cóir leighis níos fearr a chur ar ghalair cosúil le hailse. |
| That said, I have to say that many aspects of the health system are not commendable. | É sin ráite, caithfidh mé a rá nach bhfuil go leor gnéithe den chóras sláinte thar mholadh beirte. |
| The system needs investment. | Tá infheistíocht ag teastáil ón gcóras. |
| The conditions of the hospitals are shameful. | Is ábhar náire é coinníollacha na n-ospidéal. |
| Day after day, terrible stories are heard about patients on trolleys in hospitals, crying out loudly in pain. | Lá i ndiaidh lae, cloistear scéalta uafásacha faoi othair ar thrálaithe sna hospidéil, iad ag éagaoin go hard le pian. |
| The accident and emergency departments are overflowing with sick people. | Tá na rannóga timpistí agus éigeandála ag cur thar maoil le daoine breoite. |
| Little improvement has been made to some hospitals for many years. | Is beag feabhais atá tagtha ar roinnt ospidéil leis na blianta fada. |
| It is certain that generations of politicians have neglected the health system of this country. | Is cinnte go bhfuil faillí déanta ag na glúinte polaiteoirí ar chóras sláinte na tíre seo. |
| Patients do not get fair treatment because there are long waiting lists for medical care, especially in the public system. | Ní fhaigheann othair cothrom na Féinne mar tá liostaí feithimh fada do chóir leighis, go háirithe sa chóras poiblí. |
| There is a real crisis regarding the medical care that children receive. | Tá cruachás ceart ann maidir leis an gcóir leighis a fhaigheann páistí. |
| The new children's hospital is still only half-finished after billions of euros have been spent on it. | Níl ospidéal nua na leanaí ach leathchríochnaithe fós tar éis na billiún euro a bheith caite air. |
| It is not right that patients should wait for years for important operations. | Níl sé ceart go mbeadh othair ag fanacht ar feadh na mblianta i gcomhair obráidí tábhachtacha. |
| There is too much emphasis on administrative matters in the Health Service Executive. | Tá róbhéim ar chúrsaí riaracháin i bhFeidhmeannach na Seibhísí Sláinte. |
| Many young doctors and nurses are leaving this country because working conditions are much better abroad. | Tá go leor dochtúirí agus altraí óga ag fágáil na tíre seo mar tá na coinníollacha oibre i bhfad níos fearr thar lear. |
| The population of this country has grown incredibly in recent years. | Tá fás dochreidte tagtha ar dhaonra na tíre seo le blianta beaga anuas. |
| As life expectancy increases, there is more demand for health services. | De réir mar a thagann méadú ar ionchas saoil, bíonn níos mó éilimh ar seirbhísí sláinte. |
| There is not enough support for family doctors and there is a recruitment crisis in this sector. | Nil go leor tacaíochta ann do dhochtúirí teaghlaigh agus tá cruachás earcaíochta san earnáil seo. |