Question
click below
click below
Question
Normal Size Small Size show me how
Córas Oideachais
Buntáistí agus míbhuntáistí an chórais
Question | Answer |
---|---|
Clearly, there are advantages and disadvantages to the education system in Ireland. | Is cinnte go bhfuil buanna agus lochtanna ag baint leis an gcóras oideachais in Éirinn. |
Firstly, let’s look at the advantages to the system. | Ar dtús, féachaimis ar na buntáistí a bhaineann leis an gcóras. |
The exam system in this country is transparent and fair. | Tá an córas scrúduithe sa tír seo trédhearcach agus féaráilte. |
Students can seek a recheck if they think the marking was too harsh. | Bíonn sé de cheart ag daltaí athbhreithniú a lorg má cheapann siad go raibh an mharcáil ródhian. |
There is a high standard of teachers in this country. | Tá caighdeán ard múinteoirí againn sa tír seo. |
High points are required for primary teaching and a master’s degree is needed for secondary teaching. | Tá pointí arda ag teastáil chun dul le bunmhúinteoireacht agus tá céim mháistreachta ag teastáil don mheánmhúinteoireacht. |
That said, I have to say that I am not happy with the education system of this country. | É sin ráite, caithfidh mé a rá nach bhfuilim sásta le córas oideachais na tíre seo. |
The points system puts too much pressure on students. | Cuireann rás na bpointí an iomarca brú agus strus ar dhaltaí. |
Students do not get fair treatment because too much emphasis is placed on grades and exam results. | Ní fhaigheann daltaí cothrom na Féinne mar tá an iomarca béime ar ghrádanna agus ar thorthaí scrúdaithe. |
It is not right that the students’ life is dependent on one exam. | Níl sé ceart go mbeadh saol an dalta ar fad ag brath ar aon scrúdú amháin. |
There is too much emphasis on academic subjects and there is not enough emphasis on personal development. | Tá róbhéim ar ábhair acadúla agus níl go leor béime ar fhorbairt phearsanta. |
I don’t believe that the LC prepares you for working life. | Ní chreidim go réitíonn an Ardteistiméireacht thú do shaol na hoibre. |
The system does not adequately serve students with special needs. | Ní fhreastalaíonn an córas i gceart ar dhaltaí le riachtanais speisialta. |
I don’t think there is enough emphasis on exercise and on sport in our schools. | Ní dóigh liom go gcuirtear go leor béime ar chleachtadh coirp agus ar spórt i scoileanna. |
In my school, we only get one PE class a week, and that is not enough in my view. | I mo scoil féin ní fhaighimid ach rang amháin corpoideachais le linn na seachtaine agus ní leor sin dar liom. |
The system needs investment. | Tá infheistíocht ag teastáil ón gcóras. |
The condition of the schools is shameful. | Is ábhar náire é coinníollacha na scoileanna. |
The classes are crowded, with thirty students stuck in prefab rooms. | Bíonn ranganna plódaithe, le triocha dalta sáite isteach i seomraí réamhdéanta. |
Little improvement has been made to some primary schools since they were first built, over a hundred years ago. | Is beag feabhais atá tagtha ar roinnt bunscoileanna ó tógadh iad breis agus céad bliain ó shin. |
It is certain that generations of politicians have neglected the education of this country. | Is cinnte go bhfuil faillí déanta ag na glúinte polaiteoirí ar oideachas na tíre seo. |
It has been said for a long time that more emphasis is needed on continual assessment. | Táthar ag rá le fada gur chóir níos mó béime a chur ar mheasúnú leanúnach. |
It was recently announced that the LC will be reformed and that at least 40% of marks will be for projects. | Fógraíodh le déanaí go mbeidh athchoiriú ar an ardteist, agus go mbeidh ar a laghadh 40% de na marcanna ag dul ar thionscadail. |
The reforms that are ongoing in the system are a step in the right direction, but these changes are only a fraction of what needs to be done. | Céim chun tosaigh is ea na leasuithe atá ar bun sa chóras, ach níl sna hathruithe seo ach sop in áit na scuaibe. |
Less emphasis should be put on the points system and students should be given a better chance to learn practical skills to prepare them for real life. | Ba chóir níos lú béime a chur ar chóras na bpointí agus ba cheart seans níos fearr a thabhairt do dhaltaí scileanna praiticiúla a fhoghlaim chun iad a ullmhú don domhan mór. |