click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Spás
Gearrscéal le Micheál Ó Ruairc
| Question | Answer |
|---|---|
| Cé a scríobh an scéal seo | Scríobh Micheál Ó Ruairc an scéal. |
| Cad é téama an scéil? | Baineann an gearrscéal seo le cailín óg, uaigneach, dárbh ainm Pádraigín. |
| Cá raibh Pádraigín ag tús an scéil? | Ag tús an scéil, bhí sí ar scoil, sa rang Fraincise |
| Conas a mhothaigh Pádraigín i dtosach? | Bhí sí in umar na haimiléise (i gcruachás), mar ní raibh go leor spáis aici. |
| Cén brú a bhí ar Phádraigín sa bhaile? | Saolaíodh leanbh óg dá tuismitheoirí trí mhí ó shin, agus bhí uirthi a seomra a roinnt lena deirfiúr, Aoife. |
| Cad a cheap Pádraigín faoi Aoife? | Níor réitigh Pádraigín le hAoife. |
| Cén fáth nach raibh seans ag Pádraigín staidéar a dhéanamh? | Bhí uirthi aire a thabhairt do na páistí go minic, agus mar sin, ní bhfuair sí seans staidéar a dhéanamh. |
| Cén fáth ar bhog an múinteoir staire í? | Chuir an múinteoir staire iachall uirthi bogadh go barr an tseomra ranga, mar bhí sí ag féachaint amach as an bhfuinneog. |
| Conas a bhuail Pádraigín le Diarmaid? | Bhuail sí le Diarmaid nuair a bhí sí ar a laethanta saoire lena seanmháthair. |
| Cad a rinne na tuismitheoirí nuair a fuair siad amach faoi Dhiarmaid? | Bhí siad crosta agus chuir siad cosc ar na litreacha. |
| Conas a mhothaigh Pádraigín ansin? | Bhí díomá, uaigneas agus brón ar Phádraigín ansin. Bhí sí i ndeireadh na féide. |
| Cén réiteach a fuair Pádraigín ar na fadhbanna? | Scríobhfadh sí chuig a seanmháthair agus gheofadh sí cuireadh dul ar ais chuici. Ansin, bheadh spás aici arís, agus bheadh sí in ann buaileadh le Diarmaid arís. |
| Cén saghas duine í Pádraigín: | Duine misniúil, cróga, dearfach í Pádraigín, mar rinne sí plean chun a fadhbanna go léir a sárú. |
| Cad iad na mothúcháin sa scéal? | Tá uaigneas, brón, grá agus dóchas go mór chun tosaigh sa scéal seo. |