click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Gleann Álainn R2
Question | Answer |
---|---|
Cá raibh radharc a dó suite | Bhí radharc a dó suite in oifig sa chomhairle contae. |
Cad is ainm don fhear a bhí san oifig ag tús an radhairc seo? | Bhí Tadhg Ó Cuill san oifig |
Cad a bhí ar siúl ag Tadhg ag tús an radhairc | Bhí sé ag féachaint amach as an bhfuinneog ar an agóid a bhí ar siúl thíos sa chlós. |
Cén duine a tháinig isteach san oifig sa radharc seo | Tháinig athair Shinéad, Seán Mac an Mháistir, isteach |
Cad a cheap Seán faoin agóid | Bhí sé feargach faoin agóid. Dar leis, ba chóir na déagóirí a chur isteach sa phríosún! |
An raibh a fhios ag Seán go raibh Sinéad san agóid? | Ní raibh a fhios aige go raibh a iníon féin ag eagrú na hagóide! |
Cá bhfios dúinn gur duine cam é Seán | Thug sé breab do Thadhg mar ba mhaith leis an cás cúirte maidir le Peadairín agus Séamus a chur siar. |
An raibh Tadhg ábalta an cás cúirte a chur siar | Ní raibh Tadhg ábalta an cás a chur siar |
Cén chabhair a thug Tadhg do Sheán | Dúirt sé go bhfaigheadh sé finné chun labhairt ar son Pheadairín agus Séamus |
Cén duine a raibh Tadhg ag iarraidh caint leis? | Bhí sé chun labhairt leis an dlíodóir a bhí ag obair don chomhairle contae. |