click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Ceithre Ráithe
Ceisteanna agus freagraí
Question | Answer |
---|---|
Cad é teideal an dáin seo? | Ceithre Ráithe na Bliana |
Cad is ainm don file/ Cé a scríobh an dán/ Cé hé an scríbhneoir? | Scríobh Pádraig Mac Suibhne an dán seo. |
Cad é téama an dáin? | Baineann an dán seo leis na séasúir. Déanann an file cur síos ar na ceithre séasúir sa dán. Baineann an chéad véarsa leis an earrach, baineann an dara véarsa leis an samhradh, baineann an tríú véarsa leis an bhfómhar agus baineann an ceathrú véarsa leis an ngeimhreadh. |
The poet creates an image of | Cruthaíonn an file íomhá de . . . |
Déan cur síos ar na híomhánna sa dán v1 | Sa chéad véarsa, tá an file ag caint faoin Earrach. Cruthaíonn an file pictiúir de na bláthanna ag oscailt. Tá gach rud ag fás. Tá ‘beatha úr’ ann |
Íomhánna V2 | Sa dara véarsa, tá an file ag caint faoin samhradh. Cruthaíonn an file picitúr de na bláthanna ag fás. Tá ‘gáire ar an aer’ mar tá gach duine sásta. |
Íomhánna V3 | Sa tríú véarsa, tá an file ag caint faoin bhFómhar. Cruthaíonn an file íomhá de na duilleoga oráiste ar na crainn. Bíonn na duilleoga ag titim. Freisin, tá pictiúr de na fáinleoga ag fágáil na hÉireann. |
Íomhánna V4 | Sa cheathrú véarsa, tá an file ag caint faoin nGeimhreadh. Cruthaíonn sé pictiúr den sneachta ag titim ar an talamh – tá brat bán sneachta (a white blanket of snow) ar an talamh. Tá uaigneas ar gach duine mar tá siad ag fanacht leis an earrach. |
Luaigh mothúchán amháin atá dán seo | Tá dóchas agus áthas i véarsa a haon agus i véarsa a dó. Feicimid dóchas nuair atá na bláthanna ag fás agus ag oscailt. Tá beatha úr ann. Freisin, tá áthas le feiceáil i véarsa a dó, mar tá gáire ar an aer agus tá gach duine sona sásta. |
Luaigh mothúchán eile atá sa dán | Tá brón agus uaigneas lei feiceáil ag deireadh an dáin. Tá na duilleoga ag fáil bháis agus ag éirí buí agus tá na fáinleoga ag imeacht i véarsa a trí. I véarsa a ceathair, tá an aimsir fuar agus tá gach duine ag feitheamh go huaigneach don earrach. |
Déan cur síos ar an gcodarsnacht sa dán | Tá codarsnacht sa dán idir áthas agus brón. Baineann véarsa a haon agus véarsa a dó leis an earrach agus leis an samhradh. Tá gach duine sona sásta sna séasúir sin agus tá gach rud ag fás. Ach i gcodarsnacht, tá brón agus uaigneas sa dara cuid den dán. Baineann véársa a trí agus véarsa a ceathair leis an bhfómhar agus leis an ngeimhreadh, agus tá gach rud ag fáil bháis. Tá gach duine ag fanacht go huaigneach don samhradh. |