click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Éiceaolaíocht
Bitheolas
| Term | Definition |
|---|---|
| Éiceolaíocht | Staidéar ar phlandaí agus ar ainmhithe agus an ghaol a bhíonn acu lena chéile agus lena dtimpeallacht |
| An t-Éiceachóras | Grúpa d’orgánaigh áirithe agus an ghaolmhaireacht speisialta a mbíonn eatarthu agus an timpeallacht |
| Bithsféar | An gcuid sin den domhan agus den atmaisféar ina mbíonn rudaí beo |
| Gnáthóg | An áit áirithe sa timpeallacht ina maireann plandaí nó ainmhí M.sh lochán, cladach, gáirdín, portach |
| Cumann (community) | Na plandaí agus ar na hainmhite a bhíonn ag brath ar acmhainní (resources) na gnáthóige |
| Daonra | S’é líon de bhaill spéiceas céanna atá ag maireachtaint san áit céanna |
| Bitheach | Na nithe beo sa éiceachóras |
| Aibitheach (Éibitheach) | Na nithe neamhbheo san éiceachóras. |
| Táirgeoirí | Déanann siad a chuid bia féin |
| Tomhaltóir | Faigheann siad cothú ón organaigh eile (plandaí nó ainmhí) |
| Biaslabhra | S’é seicheamh d’organaigh sa slí ina chothaítear gach ceann ar bhall eile sa slabhra. Táispéanann sé an sreabhadh fuinneamh tríd an éiceachóras |
| Leibhéal Trófach | An suíomh atá ag orgánach i mbiashlabhra. An stad cothú sa biaslabhra |
| Bia-eangach | Ar a laghad dhá bhiashlabhraí a thrasnaíonn á cheile |
| Pirimid d’uimhreacha | Tugann é seo eolas dúinn faoi líon na orgánach atá ag gach leibhéal trófach |
| Nideog eolaíochta | An feidhm áirithe a bhaineann leis an orgánach (gach ainmhí & gach planda) laistigh den chumann |
| Fosúcháin Nítrigin | Athraítear an nítrigin saor go hiain níotráite san ithir de bharr báictéir fosúcháin Nitrigin (N2-NO3) |
| Nítriúcháin | Aistríonn baictéir nítriúcháin san ithir an amónia (NH3) go nítrítí (NO2) agus ansin go níotráití (NO3) agus ionsúnn na plandaí an níotráit arís |
| Dínítriúcháin | Aistríonn bactéir dínítriúcháin na hiain níotráite ar ais go nítrigin atmaisféarach. (NO3-N2) |
| Truailliú | Substaint nó rud a bhfuil éifeachtaí dochracha nó nimhiúla aici a thabhairt isteach sa timpeallacht |
| Truailleán | Substaint a scaoiltear isteach san éiceachóras agus a shriocheann leibhéal go mbíonn tionchar díobhálach aici ar shláinte, ar ghníomhaíochtaí nó ar sheans maireachtála orgánaigh bheo |
| Eotrófú | Róshaibhriú ar locha le cothanaigh ar nós níotráití agus fosfáití a thagann ó leasú saorga talún a nitear isteach in aibhneacha agus i locha |
| Caomhnú | Bainistíocht chiallmhar ar an timpeallacht chun a chinntiú go marfidh gnáthóga agus na horgánaigh a chónaíonn iontu |
| Dramháil | Substaint ar bith i bhfoirm solaid, leachta nó gáis atá ina fuíllach ag daoine agus a dteastaíonn uathu é a chur uathu |
| Inspéiseach | Iomaíocht idir an speiceas céanna sa gnáthóg |
| Idirspéiseach | Iomaíocht idir speiceas éagsúla. |
| Choimhlínte | Coimhlint fisicúla, gníomhach idir dhá orgánach indibhidúil agus faigheann aonair amháin an achmhainn |
| Sciob Sceab (scrofa) | Faigheann na horgánach ar fad atá ag iomaíocht na hachmháinní eartarthu |
| Creachadóireacht | Nuair a rugann ,maraíonn agus itheann orgánach, orgánach eile |
| Creachadóir | An orgánach a rugann, maraíonn agus itheann orgánach beo eile |
| Creiche | An orgánach a itheann an creachadóir |
| Oiriúniú | Aon athrú a fheabhsaíonn seans d’orgánach maireachtaint nó lean ar aghaidh ó ghlúin go glúin |
| Seadánachas | Nuair a bhíonn dhá orgánach de speiceas difrúla ag maireachtaint ghearr dá chéile agus faigheann ceann amhán (seadán) a bhia, mar míbhuntáiste don dara orgánach (an t-óstach) |
| Siombóis | Nuair a bhíonn dhá orgánach de speiceas difrúla ag maireachtaint ghearr dá chéile agus faigheann ceann amháin, ar a laghad, tairbe as |
| Dinimicí Daonra | Stáidéar ar na hathruithe a tharlaíonn sa daonra agus ar na cúiseanna leis na hathruithe seo. |