click below
click below
Normal Size Small Size show me how
An Triail - Quotes
Míniú ar na línte is tábhachtaí
| Líne | Míniú |
|---|---|
| Mharaigh mé mo leanbh de bhrí gur cailín í. Fásann gach cailín suas ina bean. Tá sí saor. Ní bheidh sí ina hóinsín bhog ghéilliúil ag aon fhear. (Máire) | Léiríonn Máire stádas na mban in Éirinn |
| An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m'aonar. (máire) | Tuigeann Máire go bhfuil sí ina haonar sa tsochaí anois |
| Bhris sí an rialacha. An té a bhriseann rialacha an chluiche, cailltear ann é (Seáinín an Mhótair) | Léiríonn Seáinín an Mhótair claontacht agus caolaigeantacht na tíre |
| Ní ormsa aon phioc den mhilléan a chur. Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil. Cad eile a d'fhéadfainn a dhéanamh di? (Máthair Mháire) | Séanann Máthair Mháire (agus an-chuid carachtar sa dráma) freagracht faoi bhás Mháire |
| Ná cuirtear an milléan ormsa (Colm) | Séanann Colm freagracht faoi chás Mháire |
| Ní aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan - rud a bhí mallaithe ag Dia agus ag duine (Máthair Mháire) | Déanann Máthair Mháire iarracht an leanbh a mharú sa bhroin. Feictear fimíneacht na sochaí sa líne seo. |
| 'Breoite go minic........... Ar maidin' (Seán) | Sceitheann Seán ar Mháire |
| Ní ghlacann sí Comaineach Naofa (Seán) | Sceitheann Seán ar Mháire |
| Bean á cur agus bean á pósadh in aon bhliain amháin aige (Colm) | Maslaíonn Colm Máire, agus déanann sé beag is fiú di |
| Ní mise a choimeadaí (Liam) | Ní ghlacann Liam le freagracht as bás Mháire |
| An ndearna tú aon iarracht ar ghrá Dé nó ar charthanacht Chríostaí a thaispeáint do do dheirfiúr? (Aturnae 2) | Fiosraíonn Aturnae 2 Seán faoin fáth nár chabhraigh sé le Máire |
| Loit sí an saol orainn. Ba chóir a bheith dian uirthi (Seán) | Cuireann Seán an locht ar Mháire |
| Ní cheadódh sí an leanbh a dhul uaithi i ndorchacht na síoraíochta gan í féin a dhul in éineacht leí (Mailí) | Taispeánann Mailí grá Mháire dá hiníon |
| Teach an mhí-chlú (Máire) | The house if ill repute |
| Nóinín i measc na neantóg (Seáinín an Mhótair) | Feictear go bhfuil Máire difriúil ó na cailíní eile sa Teach Tearmainn |
| Rud álainn, rud beannaithe é. Ach caithfidh sé a bheith ina rún eadrainn- ná habhair focal le aon duine (Padraig) | Meallann Pádraig Máire agus iarrann sé uirthi gan aon rud a rá faoi |
| Tharraing sí náire saolta orainn (Seán) | Glacann Seán taobh a mháthair |
| B'fhearr liom mé féin a bhá san abhainn ná dul abhaile (Máire) | Ní scarfaidh Máire lena leanbh go deo |
| Cé a deir gur tír Chríostaí í seo? (Seáinín an Mhótair) | Léiríonn Seáinín déistin agus frustrachas le fimíneacht na sochaí |
| Leis an bhfáinne seo déanaim thú a phósadh (Padraig) | Meallann Pádraig Máire |
| "Mé náirithe os comhair na gcomharsan" | B Uí Chathasaigh ag smaoineamh is mó ar cad a déarfadh na comharsana/ ar gcúlchaint na gcomharsan |
| "An ród atá romham caithfidh mé aghaidh a thabhairt air i m'aonar" | Máire bocht fágtha go h-iomlán ina h-aonar |
| "Agus na mná sin ag faire ort gan barr méire a árdú ag aon duine acu chun fóirthint ort" | Seainín a Mhótair ag caint faoi mná bochta na sráide |
| "Náirigh sí sinn" | Seán ag caint ar bhruach na huaighe, is duine is nimhní ag an deireadh |
| "Ní orsma is cóir an milleán a chur" | Bean Uí Chathasaigh ar bhruach na huaighe |
| "Thóg mise í go creidiúnach agus go críostúil" | Bean Uí Chathasaigh - is amhlaidh gur duine creidiúnach í |
| "Ní mian liom í a fheiceáil" | Pádraig ag séanadh a iníon féin |
| "Cé a deir gur tír chríostaí í seo?" | Seanín an Mhótair ag caint faoi muintir na hÉireann |
| "Is stuacach, ceanndána an cailín tú" | an t-Oibrí Sóisialta ag maslú Máire toisc nach bhfuil sí ag aontú leis an córas altramachta |
| "cad a bheidh i ndán dí, ach í a dhul ar bhealach a haimhleasa" | an t-Oibrí Sóisialta ag caint faoi cad a tharlódh má fhanfadh an leanbh le Máire |
| "Nóinín i measc na neantóg" | Seánín an Mhótair ag rá go bhfuil Máire cailín difriúla sa Teach Tearmainn |
| "B'fhearr liom mé féin a bhá san abhainn" | Máire ag rá nach mbeadh sí in ann dul abhaile chuig a clann |
| "Ceithre phunt sa tseachtain. Dhá phunt is deich scilling sa tseachtain." | an ráta pá a deireann Bean Uí Chinsealaigh ar an fógra vs. an pá a íocann sí do Mháire |
| "Ni raibh litir ná teastas ag an gcailín" | Fostaíonn an bean 'uasal' Máire gan litir mholta, lán sásta dul sa seans agus coirpeach a bheth aici sa teach ag tabhairt aire dá páistí, áfach chomh luath is a fhaigheann sí amach go bhfuil Máire 'trom', tugann sí fógra seachtaine dí |
| "agus mé faoi smacht mo mháthar mar atáim" | liam ag caint faoi cén fáth nach bhfuil tóir aige ar Bheití de Búrca |
| "Ni féidir aspalóid a thabhairt duit" | an sagart nuair nár aontaigh Máire leis nuair a deireann sé gur gá léi scaradh le Pádraig glan amach |
| "Tusa a thugann neart dom le cur suas léi féin agus lena cuid cnáimhseála" | Pádraig mídhílis |
| "is minic mé á chuimhneamh go bhfuil éagóir á dhéanamh againn uirthi | léiríonn an abairt sin coinsias Mháire |
| "Ní aon pheaca deireadh a chur le rud neamhghlan" | Bean Uí Chathasaigh ag míniú - a gaol fola féin a mharú i mbroinn Mháire - fimíneacht, ní duine chráifeach í, fuar & mídhaonna |
| "Í féin a tharraing an trioblóid uirthi féin" | nuair a chuireann aturnae 2 an cheist uirthi " ar thaispeáin tú grá máthar nó carthanacht chríostaí do d'iníon nuair a bhí sí i dtrioblóid?" |
| "Ní ligeann mo mháthair dom dul ar na rincí" | Máire ag léiriú go bhfuil a máthar tiarnúil |
| "É ina theagascóir gan onóir i gcaitheamh na seachtaine, ina shéiplíneach gan ord ar maidin Dé Domhnaigh" | is amhlaidh go bhfuil Pádraig ina chrann taca den sochaí |
| "Agus mallacht Dé anuas ortsa, a striapach." | na focail deireanacha a cloiseann Máire óna máthair, is duine mailíseach í |
| "Is déine í ar Mháire ná ar an mbeirt againn" | Caitheann Bean Uí Chathasaigh go difriuil le Maire ná lena buachaillí sa teach |
| Leis an bhfáinne seo déanaim tú a phósadh (Pádraig) | With this ring, I marry you |
| Tá an teach seo ag dul ó smacht (Máthair) | This house is going out of control |