click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Timthriall Carbóin
| Question | Answer |
|---|---|
| Cén áit go bhfaightear an-chuid den charbón? | Orgánaigh bheo |
| Céard a dhéanann an timthriall carbóin? | athchúrsáil ar charbón |
| luaigh na dhá chineál charbóin | aibitheach & bitheach |
| luaigh ceithre chéim sa timthriall carbóin | Fótaisintéis, ábhair orgánacha, riospráid, dé-ocsaíd charbóin |
| Cad a dhéanann plandaí le linn fótaisintéise | tógann plandaí CO2 isteach, á tiontú go glúcós. |
| Cad a dhéanann plandaí le linn riospráide | scaoileann siad fuinneamh ó ghlúcós, agus scaoileann siad dé--ocsaíd charbóin leis. |
| cá dtarlaíonn fótaisintéis? | clóraplas na cille planda |
| cén ceimiceán atá riachtanach don fhótaisnéis? | clóraifill |
| cén ról atá ag fotaisnéis san atmaisféar? | C02 a bhaint |
| Céard é an cothromóid fótaisintéise? | Dé-Ocsaíd Charbóin + Uisce → Glúcós + Ocsaigin |
| céard é an chothromóid riospráide? | Glúcós + Ocsaigin → Dé-Ocsaíd Charbóin + Uisce + Fuinneamh |
| céard is meath ann? | ainm eile ar dhianscaoileadh |
| tabhair dhá shampla de dhianscaoilteoirí. | fungais agus baictéir |
| céard is dianscaoilteoir ann? | Orgánach a chothaíonn ar ábhar marbh, m.sh. fungais |
| céard is meath neamhiomlán ann? | meath a tharlaíonn nuair atá easpa ocsaigine ann. Má tharlaíonn sé seo, ní tháirgtear dé-ocsaíd charbóin, ach breosla iontaise. |
| Má chuirtear ábhair mharbha faoi bhrú agus theocht ard, céard go dtiontófadh siad? | Gás nádúrtha, amhola, móin, gual, breosla eile |
| Céard é cothromóid an dócháin | CH4 + 2O2 → CO2 + 2H2O |
| Cén fáth gur fhadhb í an dóchán? | Tá CO2 á cur san atmaisféar ag ráta níos tapúla ná mar atá á baint. Mar sin, tá an tiúchan CO2 ag méadú san atmaisféar. |
| Cén saghas gáis é dé-oscaíd charbóin? | gás ceaptha teasa (coimeádann sé teas san atmaisféar) |
| Cad a tharlaíonn nuair a choimeádtar níos mó C02 san atmaisféar? | Téamh domhanda |
| Cén chaoi go ndéanann breis C02 san atmaisféar dochair don atmaisféar? | tuaslagann sé go haigéad agus cruthaítear aigéad carbónach, rud a dhéanann dochar d’éiceachórais uisceacha. |