click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Ábhair - SS
C16 Ábhair don tSraith Shóisearach
| Question | Answer |
|---|---|
| Céard é damhna? | Aon rud a líonann spás agus a bhfuil mais aige |
| Céard iad na trí staideanna damhna? | Solad, leacht agus gás |
| Céard iad airíonna solaid? | Tá cruth cinnte, tá toirt chinnte agus ní shreabhann sé |
| Céard iad airíonna leachta? | Níl cruth cinnte, tá toirt chinnte agus sreabhann sé |
| Céard iad airíonna gáis? | Níl cruth cinnte, níl toirt chinnte agus sreabhann sé |
| Teoiric na gCáithníní | Déanann sé cur síos ar iompair na gcáithníní le linn gach staid damhna |
| Céard é idirleathadh? | Scaipeadh amach ábhar de bharr gluaiseacht na gcáithníní |
| Céard é leá? | Athrú solaid go leacht. |
| Céard é leáphointe? | An teocht ina n-athraíonn solad go leacht |
| Céard é galú? | Athrú ó leacht go gás ag dromchla an leachta |
| Céard é fiuchphointe? | An teocht ina n-athraíonn leacht go gás ar fud an leachta |
| Céard é comhdhlúthú? | Athrú ó ghás go leacht |
| Céard é reo? | Athrú ó leacht go solad |