click below
click below
Normal Size Small Size show me how
Crosanna Géin - AT
Oidhreachtúlacht agus Crosanna Ghéiniteach don AT
| Term | Definition |
|---|---|
| Cealla sómacha | Gnáthchealla an choirp |
| Gaiméití | Cealla haplóideach atá ábalta nascadh |
| Toirchiú | Nuair a nascann dhá ghaiméit chun siogót a fhoirmiú |
| Géineolaíocht | Staidéar ar oibriú na hoidhreachtúlachta agus éagsúlachta |
| Ailléil | Foirm difriúil den ghéin céanna |
| Ceannasach | Ní oibríonn an ailléil cúlaitheach má tá sé ann |
| Cúlaitheach | Cuireann an ailléil ceannasach cosc air oibriú |
| Géinitíopa | Liosta de na géinte a fhaightear san orgánach |
| Féinitíopa | Tréithe fisiciúla a fheictear san orgánach de bharr an ghéinitíopa agus na timpeallachta |
| Crómasóm | Struchtúr snáithíneach déanta as DNA agus próitéin |
| Dioplóideach | Cill ina bhfuil tacar dúbailte crómasóim |
| Haplóideach | Cill ina bhfuil tacar singil crómasóim |
| Crómasóim Hómalógacha | Péire crómasóm a iompraíonn géinte do na tréithe céanna |
| Hómaisigeach | Dhá ailléil ionanna (mar a chéile) ar na crómasóim hómalógacha |
| Heitrisigeach | Dhá ailléil éagsúla ar na crómasóim hómalógacha |
| Ceannasaíocht Neamhiomlán | Nuair a bhíonn dhá ailléil agus níl ceachtar acu ceannasach ná cúlaitheach. Déantar féinitíopa idirmheánach má tá sé heitrisigeach. |
| Ginealach | Léaráid a léiríonn stair géiniteach clainne |
| Uathshóm | Crómasóm nach rialaíonn inscne |
| Gnéaschrómasóim bean | XX |
| Gnéaschrómasóim fear | XY |
| Géinte gnéas-nasctha | Géinte do thréithe áirithe a iompraítear ar na gnéaschrómasóim |
| Athair na Géineolaíochta | Gregor Mendel |
| An Chéad Dlí (Dlí an Leathscartha) | Tá dhá fhachtóir do gach tréith i ngach orgánach. Scarann na fachtóirí seo isteach sna gaiméití nuair a fhoirmíonn siad sa chaoi agus nach mbíonn ach fachtóir amháin i ngach gaiméit. |
| An Dara Dlí (Dlí an Saorshortála) | Cuirtear ailléilí de ghéin amháin ar aghaidh sna gaiméití beag beann ar na hailléilí de ghéin eile. |
| Crosáil Mhonaihibrídeach | Crosáil ina bhféachtar ar thréith shingil, mar shampla ard v abhcach |
| Crosáil Dhéhibrídeach | Crosáil ina bhféachtar ar oidhreacht dhá thréith le chéile |
| Géinte Nasctha | Géinte atá suite ar an gcrómasóm céanna |
| Lócas | Suíomh géin ar chrómasóm |
| Tréith Gnéas-Nasctha | Rialaithe ag géin ar an X-crómasóm |
| Sampla de thréith gnéas-nasctha | Dathdhaille |
| Tá dathdhaille níos coitianta i .. | Fir |
| DNA neamhnúicléach | Le fáil i gclóraplaist agus miteacoindrí |